
GettyImages © metamorworks
Tríd an gcomhairliúchán sin, ba mhaith leis an gCoimisiún tuairimí éagsúla a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir le hacmhainneacht an Aontais sa bhonneagar néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar mhéideanna sonraí agus ar an éileamh ar acmhainní ríomhaireachta, arb é an méadú ar sheirbhísí dianríomhaireachta intleachta saorga is cúis leo araon. Thairis sin, lorgaíonn an Coimisiún tuairimí maidir le húsáid néalseirbhísí san earnáil phoiblí.
Tá ionchur á lorg sa chomhairliúchán ó réimse éagsúil páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: oibreoirí lárionaid sonraí, soláthraithe néalseirbhísí agus imeallseirbhísí, forbróirí agus soláthraithe intleachta saorga, úsáideoirí gnó néalseirbhísí agus seirbhísí intleachta saorga, riaracháin phoiblí, institiúidí airgeadais agus infheisteoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí, an saol acadúil, comhlachais ghnó agus saoránaigh.
Is deis thábhachtach é an comhairliúchán seo do pháirtithe leasmhara ábhartha todhchaí cheapadh beartais an Aontais a mhúnlú ag crosbhealach na néalríomhaireachta agus na hintleachta saorga. Go háirithe, beidh an t-aiseolas a bhaileofar ríthábhachtach d’obair ullmhúcháin bhreise an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis na tionscnaimh bheartais thuasluaite.
Tá an glao ar fhianaise agus ceistneoir an chomhairliúcháin phoiblíar fáil ar thairseach ‘Cloisimis uait’ anChoimisiúin. Beidh na haighneachtaí ar oscailt ón 9 Aibreán go dtí an 4 Meitheamh 2025.