
iStock GettyImages © sutiporn
Ghlac an Coimisiún Eorpach an cinneadh bliantúil maidir le maoiniú agus an clár oibre chun Gníomhaíochtaí Ilmheán a chur chun feidhme in 2025. Tá EUR 20.9 milliún san iomlán leithdháilte ar na gníomhaíochtaí sin.
Tá an tacaíocht sin ceaptha cur le hinfheictheacht obair institiúidí an Aontais, leis na cinntí a dhéantar agus leis na céimeanna a bhaineann le tógáil na hEorpa. Tá sé deartha freisin chun ligean do shaoránaigh lánúsáid a bhaint as a gceart a bheith ar an eolas faoi bheartais Eorpacha agus a bheith rannpháirteach iontu, agus chun cur le réimse poiblí Eorpach níos fearr.
Cuideoidh na gníomhaíochtaí le méid, cáilíocht agus tionchar an tuairiscithe neamhspleách ar ghnóthaí an Aontais ag eagraíochtaí meán éagsúla a mhéadú trí úsáid a bhaint as formáidí meán traidisiúnta agus nua araon (closamhairc, fuaime, ar líne, etc.). Rannchuideoidh siad freisin le héagsúlacht teanga níos mó i dtuairisciú an Aontais.
Mar thoradh air sin, beidh rochtain níos fearr ag lucht féachana an Aontais ar raon leathan faisnéise ardcháilíochta agus iontaofa a tháirgtear ó pheirspictíocht Eorpach agus, i gcásanna áirithe, ina rogha teangacha. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eolas faoin Aontas, faoina chultúr agus faoina luachanna i dtíortha nach bhfuil san Aontas a mhéadú freisin.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a dtacaíonn an tAontas Eorpach le hearnáil na meán nuachta, agus forléargas a fháil ar dheiseanna maoiniúcháin do na meáin nuachta.
B’fhéidir go mbeadh spéis agat freisin tuilleadh eolais a fháil faoi mhaoiniú do thionscadail dhigiteacha agus fochlár MEDIA de chuid Eoraip na Cruthaitheachta.