
GettyImages © Nikola Ilic
Is cuid é d’fhreagairt bheartais an Aontais ar dhúshláin dhomhanda i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra: ós rud é go bhfuil an Eoraip ag brath go mór ar sholáthróirí ó réigiúin eile, tá sé d’aidhm ag an Ionstraim um Shliseanna athléimneacht agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna leathsheoltóirí a áirithiú. I mbeagán níos mó ná 1.5 bliain ó tháinig sé i bhfeidhm, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGníomh Eorpach um Shliseanna chun a chinntiú gur féidir leis an Eoraip freastal ar a riachtanais leathsheoltóirí agus cur lenár gcumas leathsheoltóirí a nuáil agus a tháirgeadh san Eoraip.
Faoi Cholún I, tá os cionn 85 % dá bhuiséad geallta cheana féin ag an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip, lena nasctar taighde ardleibhéil le feidhmeanna tionsclaíocha. Tá an Comhghnóthas um Shliseanna ag tacú le cúig líne phíolótacha le cistiú Eorpach agus náisiúnta dar luach EUR 3.7 billiún san iomlán. Tá ionaid inniúlachta bunaithe anois ag na Ballstáit uile agus ag an Iorua ar a gcríocha nó tá siad gar don mhéid sin a dhéanamh. Tá na lárionaid sin ríthábhachtach chun acmhainní riachtanacha a chur ar fáil do ghnólachtaí (go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta) chun réitigh leathsheoltóra a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht, oiliúint agus rochtain ar shaoráidí móra bonneagair arna mbunú faoin nGníomh um Shliseanna. Thairis sin, beidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in ann iarratas a dhéanamh ar an ardán dearaidh a úsáid faoi dheireadh na bliana seo. Ina theannta sin, tá sé thionscadal cheannródaíocha díreach roghnaithe mar chuid den infheistíocht EUR 200 milliún ón Aontas i sliseanna candamacha. Cuirfidh na tionscadail sin dlús leis an dul chun cinn i bhfeidhmchláir chandamach amhail ríomhaireacht, cumarsáid agus braiteacht. Faoin gCiste um Shliseanna, tá tacaíocht chothromais á cur ar fáil cheana féin ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus ag comhpháirtithe roghnaithe do ghnólachtaí nuathionscanta leathsheoltóirí.
Faoi Cholún II, tá an Gníomh um Shliseanna tar éis níos mó ná EUR 80 billiún d’infheistíochtaí in acmhainneacht monaraíochta sliseanna a chatalú cheana féin, rud a chuir le sciar margaidh an Aontais vis-à-vis iomaitheoirí a mhéadú. Tá seacht gcinnde chinntí úrnua maidir le Státchabhair formheasta ag an gCoimisiún cheana féin, ar fiú breis agus EUR 31.5 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach iad san iomlán. Tagann sé sin sa bhreis ar an bhformheas a rinne an Coimisiún ar Thionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (‘IPCEI’) chun tacú le taighde, nuálaíocht agus an chéad chur in úsáid tionsclaíoch de theicneolaíochtaí micrileictreonaice agus cumarsáide ar fud an tslabhra luacha le breis agus EUR 21 bhilliún d’infheistíocht iomlán phoiblí agus phríobháideach. Táthar ag súil le cinntí maidir le stádas Saoráidí Táirgeachta Comhtháite (IPFanna) agus Teilgcheártaí Oscailte AE (OEFanna) roimh an samhradh. Chomh maith leis an tionscadal ceannródaíoch agus IPCEI, tá roinnt tionscadal breise fós á bhforbairt nó ar na bacáin.
Faoi Cholún III, tá an dul chun cinn á stiúradh go gníomhach ag an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí — iarrachtaí náisiúnta a chomhordú agus faireachán a dhéanamh ar athléimneacht an tslabhra soláthair. Chuir na Ballstáit faisnéis ar fáil cheana féin chun ‘príomhghníomhaithe margaidh’ a shainaithint (ag cur le mapáil straitéiseach leanúnach an Choimisiúin ar an earnáil), ach freisin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe slándála eacnamaíche a bhaineann leis an slabhra soláthair leathsheoltóirí san Eoraip. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir lefaireachán ar an slabhra soláthair trí anailís a dhéanamh ar sheasamh an Aontais i dtírdhreach domhanda na leathsheoltóirí. Cuirfidh sé sin go léir le tuiscint i bhfad níos fearr ar na rioscaí a bhaineann le slabhraí soláthair na hEorpa agus ar bhearta maolaithe a d’fhéadfaí a mheas chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta.