
Ba cheart na heochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) céanna a úsáid chun na treochtaí bunúsacha a thomhas ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na heochairtháscairí feidhmíochta a leagtar amach sa chinneadh seo a áireamh sna táscairí san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI). Leis an gCinneadh seo, ba cheart teorainn a chur leis an bpróiseas a úsáidtear in DESI chun táscairí a shainiú agus sonraí a bhailiú. Léiríonn na
heochairtháscairí feidhmíochta a leagtar amach sa Chinneadh seo na tomhais is fearr is féidir ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach i gClár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach.
Tá an cinneadh cur chun feidhme ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais